IN MEMORIAM

MICHEÁL Ó DOMHNAILL
1952-2006

Is le caoinchead an Chumainn le Béaloideas Éireann agus 
le cead an údair Ríonach Uí Ógáin a fhoilsítear an t-alt seo.

Mícheál Ó Domhnaill
Fótó: Le caoinchead ó leabharlann na ngrianghraf RTÉ).

Is bochtaide go mór pobal an cheoil ó cailleadh Mícheál Ó Domhnaill – Mícheál Hiúdaí Mhicí Hiúdaí faoi mar ab fhearr aithne air i Rann na Feirste – mí Iúil 2006. Ba dheacair a bhuanna pearsanta agus ceoil a scaradh óna chéile nó a ríomh agus is léir as a bhfuil craolta, ráite agus scríofa ó bhásaigh sé gur tionchur buan, nach féidir a aithint go hiomlán faoi láthair b’fhéidir, a bheidh aige ar an gceol tradisiúnta. Le cúpla mí anuas is iomaí tagairt atá déanta do chuid mhór de na buanna sin aige. Tá mórán tagairtí déanta freisin dá phearsantacht shéimh, chiúin, chuiditheach a chuaigh i gcion chomh mór sin ar chuile dhuine a raibh aithne acu air ó thaobh cairdis, oibre nó ceoil de.

Ba le linn a óige i gCeannanas a chuir sé spéis sa gceol an chéad uair. Bhí seo ar ndóigh ó dhúchas aige mar go raibh spéis agus luí ar leith ag Hiúdaí, a athair, san amhránaíocht agus gur bhailigh seisean ábhar do Choimisiún Béaloideasa Éireann tráth. Bhain Mícheál céim sa Léann Ceilteach amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé cáil domhanda amach mar cheoltóir agus amhránaí. Ní raibh sé ach scór agus é ag ceol leis an ngrúpa Skara Brae in éineacht lena dheirfiúracha Maighread agus Tríona agus le Daithí Sproule. Ina dhiaidh sin a bunaíodh an grúpa The Bothy Band. Bhí amhráin Ghaeilge go mór chun tosaigh acu. Amhráin iad seo a bhí bunaithe cuid mhór sa dúchas Conallach acu agus a bhí tugtha leo ag muintir Uí Dhomhnaill ó Neilí Ní Dhomhnaill, nó ‘Aint Neilí’ i Rann na Feirste. Ba é Mícheál an chéad láithreoir ar an gclár raidió The Long Note. Ina dhiaidh sin, agus cónaí i Meiriceá air, choinnigh Mícheál air leis an gceol agus bunaíodh an grúpa Nightnoise a raibh an snagcheol agus ceol clasaiceach tríd an gceol acu. Níor fhág Mícheál ceol tradisiúnta na hÉireann ina dhiaidh agus bhunaigh sé féin agus Tríona an grúpa Relativity thall i Meiriceá. Nuair a d’fhill sé go hÉirinn lean sé leis an gceol agus bhíodh sé ag seinm agus ag taifeadadh le ceoltóirí eile, go háirithe le Paddy Glackin a bhí ina chomhghleacaí ceoil agus gailf.

Sula ndeachaigh Mícheál go Meiriceá, bunaíodh Rannóg an Cheoil Tíre faoi bhrat Roinn Bhéaloideas Éireann, An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa mbliain 1974. Ba é Breandán Breathnach a ceapadh ina stiúrthóir ar an Rannóg. Cuireadh scéimeanna eagsúla ar siúl le hamhráin agus ceol a bhailiú agus ceapadh bailitheoirí leis an obair sin a dhéanamh. Orthu sin, bhí Seán Corcoran, Sean McCann agus daoine eile. Tá den ádh ar an Rannóg sin freisin gur ceapadh Mícheál Ó Domhnaill. Ó Aibreán go Lúnasa 1974 bhí sé ag bailiú i Rann na Feirste, Bun Crannacha, Teileann, Gleann Cholm Cille, Machaire (Doire), Gaoth Dobhair agus Toraigh. Bhailigh Mícheál na céadta amhráin i nGaeilge agus i mBéarla, chomh maith le portaíocht, ar thríocha téip spóil. Rinne sé focail na namhráin a thras-scríobh, maille le nótaí mínithe faoi fhoinse agus faoi chanúint agus eolas eile a thabhairt. Céad seachtó trí amhráin a thóg sé ó Neilí Ní Dhomhnaill le linn na tréimhse sé mhí sin. Thóg sé gach uile chinéal amhrán uaithi a raibh Boolavogue, mar shampla, ina measc faoinar scríobh sé ‘chuir mé spéis sa dóigh ar cheol sí an t-amhrán coitianta seo, agus mar sin ghlac mé ar an téip é’. Scríobh sé dialann in aghaidh an lae – faoi mar a bhí de dhualgas ar na bailitheoirí a dhéanamh. Sa dialann is mó b’fhéidir a thagann bua seo an bhailitheora chomh mór sin chun solais. Thug sé tuairim Neilí faoi na hamhráin agus scríobh gur ‘maith léi go mór na hamhráin a chloisteáil ar an téip nuair atá siad ráite aici. Bhí lúcháir iontach uirthi agus bród fosta.’ B’shin nuair a bhí an chéad téip críochnaithe aici. Sa gcomhrá le Neilí tharraing sé pictiúr de shaol na hamhránaíochta le linn a hóige agus chuir cúlra agus comhthéacs i láthair. Is saibhre go mór an bailiúchán de bharr a dialainne a scríobh sé ina ndéantar cur síos ar imeachtaí an lae. Anuas ar an dialann ba nós leis cuntas seachtaine a scríobh lena dtugtar gearrchuntas ar na daoine agus na háiteacha a dtug sé cuairt orthu.

Chuaigh sé ag cuartú faoi mar a dúirt sé na sean ‘penny billets’, nó ‘broadsheets’ thart ar lucht clódóireachta i Leitir Ceanainn, i mBéal Átha Seanaigh agus i mBaile Dhún na nGall. Ní raibh toradh fónta ar an aistear. Chuaigh sé ar tóir amhránaithe in áiteacha eile. Thug sé cuairt ar aiteacha a bhí roinnt iargúlta agus ar chreid sé nar thóraigh bailitheoirí roimhe iad.  Roinn daoine a gcuid amhrán leis. Thuig Mícheál an tábhacht a bhaineann le cur síos a thabhairt ar na hamhránaithe. Bhí sé de nós aige an dialann a scríobh i dteanga na háite ina raibh sé ag bailiú. In Inis Eoghain scríobh sé  mar seo faoi John Donaghy (c.85): ‘He’s a marvellous character, full of life and extremely helpful. His deliverance is always complemented by gestures of the hands and varying facial expressions – it can be very funny at times. He spent a lot of time in Scotland, and you can the Scottish broad “l’s” creep in here and there. ‘Agus is leir go raibhard-mheas aige féin ar mhuintir na háite sin faoi mar a scríobh sé ar an 6ú lá de Bhealtaine: ‘I must say that the Buncrana folk are just about the most open and generous I’ve ever come across. There wasn’t a hint of possessiveness about their music, but genuine desire to share everything they had with outsiders. I’m looking forward to going back again.’

Tagann a dhíograis agus a spéis i leith a chuid oibre chun solais agus an síormhacnamh a bhíodh sé a dhéanamh faoin obair idir lámha aige. Chuir sé íomhánna an bhailithe i láthair agus lá amháin scríobh sé go ndeachaigh sé go dtí an trá in éineacht le Neilí. ‘Chonacthas dom go raibh an taifeadadh níos fearr cois trá ná mar bhí sé sa teach i Rann na Feirste’. Feictear an dúthracht i leith na hoibre sa gcomhfhreagras leis an oifig i Baile Átha Cliath. Scríobh sé an méid seo chuig Breandán Breathnach agus dúirt go raibh ‘cúpla deacracht agam le scríobh na n-amhrán sa cheantar seo de thairbhe na canúna – caithfidh mé a ghabháil arais chuig cúpla duine go bhfaighfidh mé na foclaí míniste.’ Léiríonn an dialann freisin cuid de na hamhráin ab ansa leis féin. Féach iontráil an 31ú Iúil: ‘Cheol Neilí The Heathery Hills of Yarrow – ceann de na hamhráin Bhéarla is deise dár mhothaigh mé riamh.’

San ómós a tugadh do Mhícheál le tamall anuas ba mhinic a luadh a dhoimhneacht agus a chaolchúis ó thaobh pearsantachta agus ceoil de, go háirithe sa tionlacan agus san armóin ceoil. Is cinnte nár chuir sé é féin chun tosaigh sa mbailiú. Dhá réir sin, lig sé don amhránaí, don ábhar agus don chomhthéacs tús áite ó nádúr a bheith acu sa mbailiú.

Anuas ar an mbailiú agus ina chuid den obair sin chomh maith, chuir sé lenár dtuiscint ar an gceol dúchasach agus ar na hamhráin. Ina cheol, mheall sé lucht éisteachta i ngeall ar a chomhchumas ag ceol amhráin i nGaeilge agus i mBéarla. Is cuid nach beag den oidhreacht a d’fhág sé againne ar spéis linn an ceol an méid a bhailigh sé agus táimid go han-mhór faoi chomaoin aige a roinn a chuid buanna go fial, ciúin. Is fiú sa gcomhthéacs seo cuid den amhrán traidisiúnta a bhí roghnaithe chomh maith sin agus curtha chomh fíleata sin i bhfógra báis Mhíchíl ar na páipéir mí Iúil 2006 a thabhairt i gcuimhne arís:

‘D’fhág tú d’aicme faoi smál

Is is náir liom mar a rinne tú an siúl

Nuair nár agair tú Párrthas

Le spás beag eile a thabhairt dúinn.’

 

Ríonach Uí Ógáin